Martina Anderson MEP

Working for you in Europe

Sinn Féin, sin páirtí polaitíochta poblachtach Éireannach, atá eagraithe ar fud oileán na hÉireann.

Tá Sinn Féin faoi cheannas Gerry Adams TD, uachtarán an pháirtí, agus faoi láthair is é an dara páirtí is mó sa Tionól i dtuaisceart na hÉireann (an ‘Sé Chontae’) é, áit a bhfuil cúig phost aireachta aige san Fheidhmeannacht comhroinnte cumhachta, agus is é an ceathrú páirtí is mó san Oireachtais é, sin parlaimint dheisceart na hÉireann (na ‘Fiche Sé Chontae’), áit arb é an guth is mó é den fhreasúra in aghaidh an rialtais atá ann faoi láthair.

Tá cúig shuíochán i bParlaimint na Breataine i Westminster ag Sinn Féin fosta, ach i gcomhréir le beartas an pháirtí, is feisirí neamhfhreastail iad na feisirí Sinn Féin.
Is é an tríú páirtí polaitíochta is mó ar oileán na hÉireann é, agus vóta 398,915 aige  tar éis an olltoghcháin 2011 sa deisceart agus toghchán an Tionóil sa tuaisceart.

Is é is príomhchuspóir polaitiúil Shinn Féin deireadh a chur le riail Shasana in Éirinn, agus poblacht sóisialach daonlathach aontaithe a bhunú.

Táimid i gcoinne againn an bheartais déine agus ciorruithe, agus creidimid go n-athdháileann geilleagar rathúil an saibhreas go cothrom agus go ráthaíonn sé an ceart chun oideachais agus oiliúna. Molaimid cuntasacht agus trédhearcacht sa rialtas, agus táimid i gcoinne seicteachais agus eisiata.

Eoraip na gComhionann atá uainn – comhpháirtíocht stát comhionann ceannasach, a chothaíonn síocháin, dímhíleatú, dí-armáil núicléach agus réiteach cóir ar choinbhleachtaí, comhar i bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch san Eoraip agus níos sia anonn.