Martina Anderson MEP

Working for you in Europe

Maidir le Martina

Is ó Thaobh an Bhogaigh i nDoire Cholmcille do Martina Anderson, agus is i 1962 a rugadh í. Tá baint aici le streachailt phoblachtach na hÉireann le breis is tríocha bliain. Tar éis breis is trí bliana déag a chaitheamh mar phríosúnach polaitiúil i bpríosúin i Sasana agus in Éirinn, scaoileadh saor i 1998 í faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus thosaigh sí ag obair i Sinn Féin láithreach.
Bhí sí mar chuid de bhainistíocht pholaitiúil an pháirtí sa Tionól i mBéal Feirste, agus ansin ar feadh beagnach trí bliana d’oibir sí mar Chomhordaitheoir Polaitiúil Uile-Éireann an pháirtí, leis an gclár oibre uile-Éireann a chur chun cinn, a uasghrádú agus a phríomhshruthú.

Tar éis Ard Fheis 2006, inar chuir Uachtarán Sinn Féin Gerry Adams TD béim ar an tosaíocht caidreamh nua go hiomlán a fhorbairt leis an aontachas, ceapadh Martina don ról Stiúrthóir Shinn Féin ar Ghafacht leis na hAontachtaithe. Sin cúram a chomhlíon sí le fuinneamh, rud a thug roinnt céad chruinnithe poiblí idir ceannaireacht an pháirtí agus eaglaisí agus lucht déanta tuairimí laistigh den aontachas.
Toghadh í sa bhliain 2007 mar bhall Tionóil do thoghlach Feabhail, mar ionadaí ar a cathair dhúchais Doire, agus ag an bpointe sin ainmníodh í mar dhuine de  chéad bhaill Sinn Féin ar an mBord Póilíneachta. Sa bhliain 2011 rinneadh Aire Sóisearach in Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire di, agus í ag obair fara a comhghleacaí páirtí Martin McGuinness.
I mí na Bealtaine 2012, mhol Feidhmiúcháin Sé Chontae an pháirtí í le hionad Bhairbre de Brún mar Chomhalta an pháirtí i bParlaimint na hEorpa a ghlacadh.